Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)

Suíomh:
Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Dáithí Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 362

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 362

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Leathanach 362
  3. XML “Gleann na Bó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhí ins an dtigh. Bhí bean ins an dtíg, comharsa do tháinig ar chuaird agus dubhairt sí le fear an tige go gcuirfead sí sgeall leis go bhfeudfadh sí ártach d'fágail ná lionfadh an bhó. Do ghlac sé an geall agus dubhairt leí an ártach sin d'fághail. Fuair sí criathar agus cuadar amach ac ní ghadh a radh gur bhuaidh an bhean an geall. Deirtear ná thug an bhó braon bainne ón lá sin amac. Ins an bparóíste seo fós deireann daoine nuair a bhéidís ag crúdh bó go mbeadh a lán bainne aici. "Go bhfuil an oiread bainne aici is a bhí ag bó Gleann na Bó."
    Sé an brigh atá lé Knocknamadree deirtear na "Cnoc na mbó Draoi" ac ní fh eadar bhfuil mórán ceile leis. San cead dul sios níl an áit ins an líne direach idir Gleann na Bó agus Drom Tairbh (Drumtariff) taobh tiar de Mágh Ealla mar tá an áit ar an dtaobh theas den pharóíte agus an líne direach idir an dá ait gabadh sé cois na habhann tré lár an pharóíste.
    Rud eile ní beadh an 'm' ins an ainm Knock-na-madree dá mbeadh aon bó amhain igceist beadh Cnoc na Bó Draoi. Is docaighe gurabh é an brigh atá leis na (Cnoc na Madraí)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    11
    Seoladh
    Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí