Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)
- Suíomh:
- An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Leighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glashaboy
- XML Leathanach 548
- XML “Scéal Fiannaíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin do chuaidh na Fianna amach ar thóir na Tuire. Do dhúisighdear torc agus do leanadar dá éis gur thainic sé go "Binn na muice" ( ainm Pairce atá i ndroim buidhe ). Do tháinic Diarmuid Ó Duibhne suas leis agus do mharbuigh é. Ach do strac an Torc lámh Diarmuid agus bhí sé ag fágháil báis leis an nimh.
D'Fhrafruig na Fianna de Fionn cad é an leigheas a bhí acu 'na chóir. Chuir Fionn a mhéara féin a fiacal feasa agus do chogain é. Ba léir dhó ansin da bhfaghfaidhe trí bhuidéal uisce ó Tobar álainn i dtuirín agus dá n-ólfadh Diarmuid iad go leighisfidhe é. D'innis sé é sin don na Fianna is chuaidh ceann acu laithreach go dtí tobar áluinn chun na trí bhuidéil uisce d'fháil.
Nuair a bhí diarmuid chun an triomadh buidéal d'ól chuimhnigh Fionn mar gheall ar droch-'cleas a imir diarmuid air roimhe sin maidir le Gráinne, Do chuir sé a chos ar an mbuidéal. Do bhris sé é. Do fuair Diarmuid bás, do cuireadh ann é. (Sa Pháirc ar a dtughtar "Binn na Mhuice" ar go dtí an lá atá indiu ann,)- Bailitheoir
- Liam Ó Leighinn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)