School: Glashaboy (roll number 10569)
- Location:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Leighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Glashaboy
- XML Page 561
- XML “Scéalta”
- XML “Scéalta - An Capall ná Raghadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéalta
“Do cheannaigh beirt fear ó "log"...”
Do cheannuigh beirt fear ó "Log" aiteann i "Ráth an Doiteáin" in aice leis an lios atá ann. Do chuaidh an bheirt lá chun an aiteann do thabhairt abhaile. Do chuaidh duine des na fearaibh isteach i dtigh i gcóir lasáin. D'fhan an fear eile ag gabhail do'n aiteann. Níor tháinic an fear eile cuige airis. Deireann na daoine gurb' amhlaidh a chuaidh sé ag féacaint ar an lios agus gur thóg na sídheóga isteach ann é. Do Chuaidh na daoine ar a lorg ach ní bhfuaradar go deó é.- Do bhí fear ag teacht abhaile ó Corcaigh oidhche agus do bhí sé in aice le na thig nuair a stop an capall. Is amhlaidh do bhí breis meadhcainte t'réis teacht sa trucaill agus cé go raibh an capall ag déanamh a dhithcheall ní raibh sé ábhalta é do chorruighe. Do thosnuig sé ar an gcapall do bualadh. Do bhris an capall na slabhraí agus do shocruigh an fear airís iad.
T'réis tamaill do thosnuig an capall ag dul ar aghaidh airís ach bhí sé fliuch báidte le allus. Do chuadar abhaile. Chuaidh an fear go dtí a leaba agus Cúpla lá in a dhiaidh sin fuair sé bás. An lá céadna do fuair na daoine an capall marbh ins an stábla. Deirtear gurb 'iad na mairbh a bhuail leis.- Collector
- Liam Ó Leighinn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir