Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)
- Suíomh:
- An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Leighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é agus do chuireadar isteach i mála é, agus do dhúnadar ébéal na Mhála. Do ghluaiseadar leó ansan agus thugadar aghaidh ar fholl doimhin d'uisce a bhí misteacy ó'n mbóthair. Ag gabhail an bhóthair léo do léim girrfiadh amach thar claidhe. D'fhág an bheirt on mála ansan agus leanadar an Girrfiafh.
Fhaid agus a bhíodh ar imthighte thainic fear an t-slíghe agus treád mór bó aige. D'fhiafruigh sé fé'n leis cé'n fáth go raibh se sa mhála; agus dubhairt seisean go raibh sé ag dul 'om neamh. Dubhairt an fear leis go dtabharfadh sé na ba go léir dhó da leigfeadh sé dho dul in ait. Bhí an fear sásta. Do cuireadh leis na mbó inteach sa mhála agus do tiomhain an fear eile na ba abhaile.
Tráis tamaill tháinic an bheirt eile ar ais, thógadar leó a mála agus nuair a shroiseadar a linn do caiteadar é isteac ann. Do thosnuigh an fear ag béicigh ac níor bhachadar leis.
Ní h-iongnadh é go dtí a t-iongnadh a bí ortha ar mhaidin dár cionn nujair a chonnacadar an fear eile airis agus na ba go leir aige. Chuireadar ceist air ca bhfuair sé íád. Dubhairt sé leó go raibh neart dóibh le fáil san áit ar chaitheadas isteach é indé. Chuaidh an triuir acu go dtí a linn ansin. Do bhain ceann des an Rógairí a chóta dhe agus do léim isteach. Nuair a bhí sé ag dul síos thosnuigh sé ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Leiginn
- Inscne
- Fireann