Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)

Suíomh:
An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Liam Ó Leighin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 590

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 590

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Glashaboy
  2. XML Leathanach 590
  3. XML “Saibhreas trí Dhíchéille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Saidhbhreas tré Díchchéillidhe
    Fadó riamh in Éirinn do chomhnuig sean-bhaintreach agus a mac. Oidhche amháin dubhairt sí leis go raibh a gcuid bíd idighthe agus go mbéadh air dul ar a thuarasdal chun greim bídh do soláthar dóibh. Mar sin chuaidh sé amach an lá na diaidh sin agus cuaidh sé ag obair le feirmeóir. I ndeire an lae fuair sé pinginn. Ach foraor géar chaill sé é ar a theacht abhaile. Ar shroisint an baile dó d'fhiafruig a mátair de cad é fuair sé i ndeire an lae. Dubhairt sé go bhfuair sé pinginn ach gur chaill sé é. 'Ó a mhic ó" ar sise "cad na thaobh nár coimeádais id láimh é."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Teanga
    Gaeilge