Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 125
- XML “Longbhriseadh Chnoc a Dúin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhás uirthi, cosamhail leis na clocha eile mór thimcheall, ach i rith raítí eile is amhlaidh a fhásann an cúnlach go tuigh uirthi Mar sin féin ní h-amhlaidh a fhásann an cúnlach so sa tslighe ceádna agus a fhásann sé ar na carraigreacha eile. Tagann sé uirthi ar chuma gur féidir do dhuine dealbh triúr fear do dhéanamh amach go soiléir ann. Gach aon bhliain bíd siad le feiscint sa chruth agus sa deallramh san, san áit chéadna.Deirtear gurab é atá ann ná dealbh triúr sagart do báthadh ag bun an chnuic as luing a mealladh isteach ann le teine bréige. Lasadh an teine seo d'fhonn creach do dhéanamh ar an luing.An drong do rinne an feall so, do thuit mallacht ortha. Deir na seandaoine go bhfuair gach ceann acu an -bhás. An duine deirineach den druing níor chaith sé lá le suaineas. Do bhíodh na máirnéalaig bháidhte riamh ar a thóir á chéasadh a's á ciapadh. Nuair a bhíodh sé ag treabhadh, bhíodh na máirnéalaig ar an gclais len a chois á thraotha i dtreo gur b'éigean do eirighe as an obair; thagadh mearbhall agus trí chéile chomh mór san air.Sa deire thiar thall do thuit sé de chapall(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Conchubhar Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dún na Séad, Co. Chorcaí