Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Leathanach 153
  3. XML “Scéilíní”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (1) Sean geach dighe, blas geach bídh agus brí geach comhráidh
    Nuair a bhí Crochúr Phárthaláin 'na chomhnuidhe ar Insín na gCiotach, bhuail fear bocht isteach chuige lá - fear a bhíodh ag siubhal roimis dob eadh é.
    "Cár ghabhais chughainn agus cár chodlais aréir?" arsa Crochúr leis.
    "San tig 'nar chodlas aréir, ar seisean, bhí sean gacha dighe, blas geacha bídh (bíg) agus brí geacha comhráidh" (idh = ig), agus siúd amach an doras airís é
    Chuir Crochúr a bhuachaill aimsire 'na dhiaidh agus leath chóroinn aige le tabhairt don fhear siubhal ach brí na cainte sin do mhíniú.
    Do mhínig. San tig nar chodail sé, dubhairt sé go raibh prátaí agus salann chun suipéir, agus uisce len ól - dá mbail leo é.
    Sé an t-uisce sean geacha dighe, mar ise an deoch is túisce bhí riamh ann é.
    Sé an salann a thugan blas do geach biadh - blas geach bídh iseadh é. "Agus ansan", ar seisean, tréis suipéir dubhrathas an Choróinn Mhuire, agus siní brí gach comhráidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1833A: “What Says David?” The boy: “Pay your old debt.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domhnal Ó Suileabháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Lios an Lotharaigh, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Ríogáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Lios an Lotharaigh, Co. Chorcaí