Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)

Suíomh:
Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Mathghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 506

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 506

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisleáin
  2. XML Leathanach 506
  3. XML “Baile an Chaisleán”
  4. XML “Baile an Gharda”
  5. XML “Baile Bhile Eoghain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhá chéad bhladhan ó shin. Doigheadh é dhá uair. Uair acu
    do dhóigh na Carrthaigh féin e chun é do choimead as
    lámhaibh na Sacsan. In aice na háite seo tá lios
    mór. Leagtar é beagán agus sa chómharsanacht
    is cóngaracht dhá mhíle tá 14 liosa. Cuid aca leagta
    nú leathleagtha agus an chuid is mó díobh go hiomlán nách
    mar fós. Ní fhaca in áit níos mo liosa i dteannta
    a cheile fiu amháin i dteamhair agus do réir mo thuairme
    bhí Rí Cineal Laoighaire in a chóinnuidhe sa cheanntar
    so fadó. Tugtar Cuilleanach ar chuid de’n bhaile agus
    tá ciall leis an ainm mar fásann cuilleann go
    tiugh ann. Ní’l sa tsráid anois acht timcheall
    15 tighthe.
    < n.b. Tá bealoideas ag baint leis an tsráid
    seo. B’fheidir go scríbhfinn síos mar gheall air i ndeireadh an leabhair
    seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Baile an Ghárda : - ar an dtaobh thuaidh de baile a’caisleáin
    atá an baile talmhan so. Ghabheann a ainm ó ghárda
    saighdúirí a bhí ann seal ag déineamh faire ar an
    mbóthar ag dul ó bhaile chaisleáin go dtí Mágh Cromdha.
    Ní fios cad e an t-ainm a bhí ar an mbaile talmhan
    so fad ó. Tá dhá lios ann, ceann aca leagtha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge