Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)
- Suíomh:
- Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Chaisleáin
- XML Leathanach 517
- XML “Muine na Croiche”
- XML “An Fála”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in aice le Droichead ann. (Deirtí go dtaisbeanadh Beamish é feín ann in a dhiaidh sin tar éis a bhais ag teacht anois ó Ifreann dár le daoine) Tháinig muinntir an fhir mhairb aniar tar éis tamaill agus tugadh a corp abhaile chun a churtha.Bhíodh scáth ar na daoine ag siúbhal tré Muine na Croiche tamall ó sín. Ní'l anois ámh.
- Tugadh an ainm sin ar an mbaile talmhan so toisc gur togadh falla tirm cloch mór timcheall air nios mó na cead bliadhain ó sin. Tá dhá lios móra ann agus fuarathas Souterrain ann tamall ó shin. Ar an dtaobh shoir de in aice le Baile anGhárda (?) bhí muilleann ann fada. Fá pairc a mhuillinn ar an áít anois - Uair do bhí na Saighdiúirí ag deanamh Gárda i Crois a' Champa. Siar uaidh thaínig saighdiúir isteach idtig an mhuillinn agus tug sé masladh do cailín a bhí ann. Ní raibh ann chun í do chosaint agus bhí a dhritéair ag obair amuigh i bpáirc. Nuair tháínig sé isteach agus nuair a fuair sé mar bhí an sgeul. Do bhuail sé buille de'n ghrafán a bhí in a láimh aige(leanann ar an chéad leathanach eile)