Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)
- Suíomh:
- Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Chaisleáin
- XML Leathanach 524
- XML “Historic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 13.
14. Tá beul oideas ar na Lochlannaigh
Chreacadar Mainstir Ceann Eich mar atá innste agam fé logainm Ceann Eich shuas. Tá iarsma díobh annso in ainmneacha cuir i gcáis Na Donabháinig Lochlannach - bean díóbh so fuair sí trioblóid nuair bhí sí ag iarraidh an tsean phinsin d'fághail - baisteadh í mar Maire - Lochlann (Loughlin) a h-athair.15. Na Mathghamhnaigh - cuimhnightear go maith ortha. Tá fo-ainm ar aíteanna uatha cuir i gcás Corrach Mhathúín - ó's rud go dtáínig na Cárthaigh isteach sa cheanntar so ina ndiaidh agus Tighearna Banndan is a lucht leanamhna na ndiaidh súd ní'l morán eolais ag na daoine sa cheanntar so acht taobh amuigh in a raibh leanúint anuas ó na seana Gaedheala tá nios mo béal oideas ag baint le na Mathghamhnaigh le fághail.16) Toisg gur plannduigheadh an ceanntar so timceall 1832 ní'l beul oideas laidír in ao'chor annso. Tá sé marbh ar fad nách mór.17) Estát Banndan - Estat Meade Estat Wright etc.(leanann ar an chéad leathanach eile)