Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)

Suíomh:
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
Múinteoir:
M. Bean Uí Dhanachair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 329

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 329

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Athea
  2. XML Leathanach 329
  3. XML “Scéal Ó Seán Ó Concubhair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an am fadó do bhí rígh i Sliabh Luachra agus ní raibh de chlainn aige ach aon mhac amháin.
    An oídche do rugadh an mac so do chuir an Rígh fios ar an bhfear feasa ba mhó caíl insa Mumhan agus tháinig seisean go dtí an Caisleán. Do chuaigh an fear feasa go dtí barr an Caisleán agus i n-am mhairbh no h-oidhche fé sholus na ré nuadh. Tar éis riaghalacha na draoiche do cómhlíonadh agus na reulta d'inuchad do dhein an doctúir seo tuiseama an leinbh óig.
    Do sgríobh sé amach ar phár an tuiseama san gach uile nídh da raibh i ndán d'on ogánach ón lá a rugadh é go deire a shaoghail.
    Imeasc na h-eachtra go léir do bhí aon nídh amháin a chuir scamradh ar an Rígh.
    Bé an rud é sin na cúntas báis an ogáinig.
    Do reír leagan na reult do thiocfadh an bás air nuair a bheidh sé fiche bliain d'aois agus splanne teincríghe ba thrúig báis do lá lughnasa na bliadhna sin.
    Bhí an Rígh ag cuimhneamh go ceann abhfad ar cad a déanfadh sé cun breitheamhancas an tuiseama do sheachaint.
    In deire na dála do dhein sé túr mór cruinnas ard agus cheap an Rígh go gcuirfeadh sé an prionnsa óg ins túr nuair tiochfaidh an lá.
    Le himcheacht aimsire, d'fás an t-ógánach go grástamhail i naois agus i náilneacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0934: The Prince and the Storm
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Concubhair
    Inscne
    Fireann