Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)
- Suíomh:
- Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
- Múinteoir: M. Bean Uí Dhanachair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In allód i gCiarraidhe bhí fathach ina chómhnuidhe Is í an tslíghe bheatha a bhí aige ná creach do thógaint ó'n dúthaigh mór-timcheall air. Do ghoill sé seo ar na daoine ach bhí sé fuar acu a bheith a d'iarraidh stop do chur leis. Fé dheire chuireadar fios ar cheap na bhFéin, Fionn Mac Cumhaill, chun an fhathaigh do mharú. D'ulmhaigh Fionn é fhéin i gcóir na comhraice agus thiomáin sé leis. D'airigh an fathach go raibh sé a' teacht agus le neart feirge do thairric sé bolán carraige as an dtalamh chun é caitheamh le Fionn. Tháinig sé aniar ina choinnibh agus ag gábhailt thar Átha-an-tSléibhe do chonnaic sé Fionn chuige anoir. Bhíodar ag druidim le na chéile go dtí áit na mbonn: chuaigh an fathach ag tógáilt san dtalamh bog in aice puirt na h-abhann. Níor fhéad sé dul níos fuide. Chaith sé an charraig le Fionn ach leis an ndeabhadh, bhí a aimsiú neamh-bheacht agus thuit an chloch ar an dtalamh cúpla míle níos fuide soir. Thuit an fathach de bharr an iarracht a dhein sé. Ar leagan d'fhabhra bhí Fionn anuas air agus chuir sé a chlaideamh go colg ina chroidhe. D'éirigh sé abhaile go cnoc Almhain annsan. Tháinig madraí na seacht bparóisdí mar a raibh an fathach agus chuadar ó'n smior go smúsach ann. Stracadar ó'n na chéile é go dtí ná raibh aon dá pháirt de i dteannta chéile. Bhí lorga caithte ar phort na(leanann ar an chéad leathanach eile)