Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)
- Suíomh:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Rachad-sa is Molly ag mháilcéaracht míle is céad ó thuaidh.”
Rachad-sa is Molly ag mháilcéaracht míle is céad ó thuaidh
I ngleanntán coille uaire n-haonar mar a dtagaid na héin chun suain
Mar a bheidh nead ag an gcéirsigh, an fiolar ag éigheamh 'san chuach
Mise ghá guidheachaint chun Dé ghil chun solas an lae bhreith uainnB'eol domh-sa cupórd a dheunamh loingeas a ghéas sa dúinn
Báid agus cuite dá réir sin a bheurfadh sinn 'raon anonn
Tá cion agus meas agam fén ort, a ghrádh, an n-éalóchair liom?
Do phósfainn i gan fhios do'n saoghal tú is do'n sagart dá mba fhéidir liom.Nuair a raghad-sa go dtí an aonach i mbáireach mar órduigh Mac Dé gan gnó
Mo chapall ní molfar a léim ann, ní aireóchthar géimneach mo bhó
Mo chaoire, ní himtheóchaidh ar strae uaim, ní heagal dom gaoth an Fhomhair
Is má thagann an donas ar aoinne ní measa dhom é ná dhóibh. Ó Mháire Carmody, A.O.H- Faisnéiseoir
- Máire Carmody
- Inscne
- Baineann