Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)
- Suíomh:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
- XML Leathanach 049
- XML “Freagra Uilliam Uí Chathasaigh ar Sheamus Ó Catháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)XVI
Sinne ‘n-ár ngárlaig áir do baisteadh do Chriost,
‘S an creideamh a bfhearr dár fhág ar talamh ag Maois,
Fá tharcuisne is táire thug grádh dá aitheannta de shíor
Mar scata cearc feadha ag ál-spuadhar danar an fhill.
XVII
Is fada fá tháire árd shliocht draganta Scoit’,
Fá dheilg an bhráca fágtha i bhfearann na ndeor,
Is mallaigh-shliocht Mhártain lán de ghradam fá scóp,
Is sean-shliocht Spáinneach báidhte tachtaighthe i mbrón.
XVIII
Tiocfaidh an lá go mbeidh rás ar Ghallaibh ón gcoróin,
Is gearradh-goin cnámh ar ál na mallaightheach fós,
Clanna na cránach a d’fhás is eascair dár ngoin,
Beidhir dealbh mar táim a’s áiteamh coitchin (1) mo brón.
XIX
Fanfad mar táim is go Cáisc ní scuirfead mo sheol,
Go dtigidh a dtásc ní fhágfad sleanna ná spóil,
Ar eagla dála an dáin go muinfadh dom fós
Rith mhadra an dá cháis gan cnámh do bheith agam ná feóil.
XX
Spreagfad mo dhán dhuit tráth samaluighim leo,
An aicme so d’fhág fá cháim mo charaid go deo,
Ar nós an droichid so táid a d’fhágais gan taca gan treoir,
A d’imthigh le fánaidh an tan tháinig tuille no dhó.