Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)
- Suíomh:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duine éigin air. Tháinig na saighdiúirí agus chuireadar ceangal na gcúig gcaol air agus bhíodar á bhreith go Mágh Ealla. Sar ar shroiseadar Mágh Ealla, ámh, do geárr Domhnall an téada le sgin agus chuir sé an oiread sgannraidh ortha is gur éalaigh sé uatha.
Acht dá fheabhas é rugadh air. Ór an t-Sasanaigh a dhein é. Bhí Domhnall i dtigh caradh nuair do chuir an fear fios ar na saighdiúirí. Coimeád sé Domhnall ag cainnt go rabhadar i ngiorracht d’on dtigh. Thuair bean an shin amach an comhcealg a bhí ar suibhal ar a céile agus do thug sí deoch bainne do Dhomhnall á rádh leis “Má’s maith leat a bheith buan caith fuar agus teith”. Do thuig Domhnall í agus bhí sé ar thí imtheachta nuair do cualadh an pléasgadh agus fuaradh corp Dhomhnall fuar marbh ós comhair an tighe.