Scoil: Caisleán Ó gConaing (B.) (uimhir rolla 9685)
- Suíomh:
- Caisleán Uí Chonaill, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Donncha Ó Huallacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0523, Leathanach 285](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0523%2FCBES_0523_285.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0523, Leathanach 285
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gan suim ná áird aige san achrann focal a bhí ag borradh thíos i mbun an tíghe. "Mhuise, a dhalta, ná bhí ag bodhradh do chínn leó," arsa Seana-Mhuiris, "Níl na gcuid raiméis cainnte ach praiseach, agus praiseach is teó féin ná í, fuarann sí."Mar sin d'fhanas mar a bhí agam, agus do chas Seana-Muiris ar an dteine arís, amhail is dá mbeadh sé ag breith-nughadh ceíste éigin go géar i na aigne.Tar éis tamaill do mhaolaig ar an gcóin chainnte i mbun a' tíghe, agus do gaibh na trodairí amach go ciúin síothchánta i ndiaidh a chéile." "Féach anois a dhalta," arsa Sean-Mhuiris, "gur maith mar a dheeinis mo chómhairle do dhéanamh, agus fanacht uatha. Nách minic a chualaís, a Chroidhe, ná gabhann cíall agus mí -chíall lé na chéile. Dá dtéightheá-sa na measg súd an uair úd ó chíainibh, ní dhéanfá ach tú féin do sáthadh isteach san imreas chómh maith leo; creid uaimse san, a dhalta, "gur leithide do'n mbuailtrig satailt air."(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Sean O' Sullivan
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí