Scoil: Turraichín, Goold's Cross (uimhir rolla 15273)
- Suíomh:
- Toirthín Uachtarach, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eile sa lios. Suid isteach chuige as an seomra úd beirt fhear agus seanduine cnaoite aca istog i seicheadh bhó agus amach an doras leo leis.D'fiafruig bean na cathrach de ar aithnigh sé an bhó san a ghaibh amach. Dubhairt sé gur aithin sé an seichead gur bé seicheadh bó a mhaighistir é agus go raibh aithne maith aige uirthe.Ní fada go gcloisfir go bhfuil bó an mhaighistir báidhte agus curfar píosa dhi chun na ndaoine mbocht timcheall na h-áite agus go mbeadh píosa aca roimis féin sa bhaile.An aon díoghbhail í iththe? ar sé. Ní sheadh ar sí acht mar a dtaithnidh sí leat na bac í ar sise.Seo fáinne agus beir leat abhaile é agus feuc tríd an bpíosa de'n fheóíl úd a bheidh ar crochadh anuas o'n maide snaidhme rómhat acht bíodh an fáinne curtha thar-nais agat fé eirighe gréine ar maidin fe'n lic seo i mbéal an dorais.Ar fhéacaint tríd an fháinne dó se a chonnaic sé an chrocadh na smiot de shean duine.Ba ghearr do leis an fáinne do chur thar nais.
- Bailitheoir
- Pilib O Ciarmhaic
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lios, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pilib O Ciarmhaic
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lios, Co. Chiarraí