Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)
- Suíomh:
- Forúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhuail sé isteach go dti an tig tabhaire agus é gléasta go breadh galánta. Shuidh sé súis ar binnse. Thairrig sé amach a píopa. Líon sé é agus dhearg sé é. Annsan díreach tháinig fear isteach. A athair a bhí ann. Daithin sé e lom láithreach ach ní raibh aon coinne ag an athair gur bé a mhac a bhí ann. D'fhéach sé ar an stróinséar agus bhí sé ag féachaint air anois is arís go ceann cúig noimití. Sórd file ab'eadh é agus i gceann tamaill d'iompaigh sé thall agus labhair sé leis an stróinséar
Seo dubhairt sé,
"A fhir úd thíos de shíol na bhfear a bhí cóir
ba mhaith liom sa suidhe síos it'aice ar stól
Is ós agat athá'n píopa bimis á' caitheamh go fóil."
Bhí féith na filídheachta is an mac comh maith agus seo mar d'fhreagair sé an sean duine
"A fhir a bhí ar mire níor thuigis se cúrsa an tsaoghail
Nuair a scaoil tú mise gan scilling 'im láimh ná réal
Ó bhí tú cómh borb is níor thuigis se cursa' an tsaoghail
'Nois cuiridh gach duine 'guinn teine na phíopa féin."
Is beag nár thuit an seanduine i bhfanntas nuair do chuala sé an freagra. Rith sé cuig an mac agus d'fháisg sé lén a chroidhe é Chuaigh an bheirt acu abhaile agus as san amach bhíodar ar nós bó agus coca féir.26adh bealtaine 1934
Máirtín Ó Seasnáin- Bailitheoir
- Máirtín Ó Seasnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Sheasnáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Forúir, Co. an Chláir