Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)328
sí dá mac an fát bhi leis .D'innis sé dí mar adubhairt an t-athair.Is easgaidsin a dhéanamh arsa sise.Cé'n caoi arsa an mac .Núair deárfaidh do athair leat an bóthar d'aithghiorra amáireach tosnuig at innsint scéalta dó.Tá go maith ddéanfaidh mé sin ars an mac.
Bhúaileadara chun bóthair la ar na bhárach.Deinan mac mar adúbhradh leis agus níor bhrait ceachtar aca go rabhadar ag deire a gcúrsa.
Bean cliste dob eadh bhean Gobán.Tárla úair go raibh Gobán agus an mac ag tógáil Palas Righ sa bFrainnc.Ní raibh an rí sásta leo agus dein sé suas a aigne iíad araon a chur chun báis núair bheadh an Árus críochnuighthe acú.
D'innis ceann des na seirbhísigh sin le Gobán .Ní raibh fios aige cad a dheinfaidís .Chúaidh sé chun an rí la ar na bhárach agus dúbhairt sé ná bhféádfadh sé deireadh a chur leis an obair gan casúr speicíalta bhí sa bhaile aige agus go gcaithfeadh se a mhac a leigint chun é d'fhághail."Leigfidh mise mo mhac ars an rí" ba mhaith leis dul ar turas thar lear.Bhi Goban i bponnc.Cheap sé ar seift .Núair bhi mac an rígh ag imtheacht thug sé teachtaireacht dó chun tabhairt dá
mnaoí.
Thainig mac an ríg slan i dtír na h-Éireann .Chúaidh sé go teach Gobáin agus thug sé an litir do'n mhnaoí .Bhí fhios aice go raibh a muinntir i gcontabhairt .Seo arsa sí téir síos annsin agus faig an rud atá uait.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Chríocháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghadaí Thiar, Co. an Chláir