Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 419
- XML “An Cleamhnas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do thárla uair amháin go raibh fear eirmeamhail in a chomhnuidhe i náit éigin i gCo. an Chláir. Ní raibh mórán do shaidhbhreas an t-saoghail aige acht bochtanas a eistineach dhein sé suas é le gliceas a intinne. Ní raibh aige acht dhá bhuin[?] agus iad ainmnighthe, ceann aca Mór Chuid, agus an ceann eile Go Leór.
Lá bhí an fear seo ag deunadh cleamhnas dá inghean agus nuar a bhí an feirm siubhalta ag na strónsáirí, agus d'réir cosamhlacht sásta go maith le a bfeiceadar, thangadar isteach chun bidh a caitheamh, agus iad na suidhe chun bhúird d'fhiafruigh fear an tighe dá inghean "An bhfuil na ba cruidhte fos agat" "Tá Go Leór cruidhte agam agus Mór Chuid le crúidh fós.
Nuair d'airigh na cuartóirí an cainnt seo bhí a seacht n-oiread meas aca ar an áit, críochnuigheadh an cleamhnas posadh an lánamha agus do mharuigheadar i sonas agus i n-aoibhneas as sin amach.- Faisnéiseoir
- Séamus O' Donoghue
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bánsliabh, Co. an Chláir