Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 455
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Mac Cuirtín agus fear eile ag dul ó Lios Dún Bhéarna go Baile Bhachán agus iarr Mac Cuirtín ar an nduine eile a mbeadh sé ar a chumas amhrán do cumadh nó sgéal d'innsint nó rud mar sin do dhéanamh. Dubhairt an fear eile ná feadfadh sé. Chuir Mac Cuirtín geall leis go mbeadh sé ar a cumas amhrán do cumadh. Bé an geall galún punch. Do shuileadar slighe gearr an chonnaic an fear uan agus seo adubhairt sé.
"Feac an t-uan saithte ar bun a toir"
Bhí Mac Cuirtín ag éisteacht acht ní dubhairt sé dada. Chonnaic an fear rud eile agus seo adúbhairt sé.
"Cloidhe crainn leas 'stig de'n wall". Bhí Mac Cuirtín ag eisteacht. Do leanadar mar sin gur scroiseadar Líos Dún Bhéarna. Do stadadar annsin.
"Do dhein tú amhrán arsa Mac Cuirtín. "Níor dheineas ars an fear. "Éist" arsa Mac Cuirtín.
"Feach an t-uan saithte an bun a toir.
Cloidhe crainn leas 'stig de'n wall
Cos is truaic taobh amuigh de'n uaim
Is nach fad síor ó stúir na luinge atá an bád".
D'óladar an galún punch eathtorra an oidhche sin.- Faisnéiseoir
- Séamus O' Donoghue
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bánsliabh, Co. an Chláir