Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 475
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Killastapheen
D'réir beal-oideachas na h-áite timcheall Lisceannúr agus Leachtuichonchabhar, tá baile beag fé uisce amuigh i gCuan na Mara báine. Direach ó's cionn an baile báidhte, bíonn tonnta bána le feiceál gach lá do'n blian, agus is ás na tonnta bána seo a bhfuar an chuan a ainm, acht connus ar thárla go bhfuil an baile seo fá uisge? seo an míniú a thug sean daoine na t-áite ar an gceist.
Nuair a bhí na Tuatha Dé Deannan i gceannas an tír seo, tháinigh dream eile isteach chun seilbh na tíre a bhaint dogh agus rialú na tíre a bheith aca féin. Ní nárbh iongnadh, níor thaithn sin leis na Tuatha Dé Deannan, agus chuireadar i gcóir chun troda a dheanamh ar son a dtíre. Cuireadh fógra amach síos suas, soir anoir, go gach áird na tíre, ag iarradh ar na fearaibh óga, teacht le chéile i n-áit áirithe, i gCúige Connacht. Do ghlac na daoine óga go fonnmhar agus go fearamhail leis an gcuireadh sin, agus d'ullumhuigheadar iad féin chun an fóid a seasamh ar son a dtíre. Tháinigh na fir óga ó gach áird go Cúige Connacht, agus go mór mhór ó'n cheanntair timcheall Cuan na Mara báine. Nuair chonnaic na sean daoine, na mná agus na páistí, na daoine óga ag imtheacht uatha, do gabh uaigneas iad mar do cheapadar dá dthiocfadh an námhad, ná bheadh aoinne ann chun iad a chosaint agus d'iarradar ar thaoiseach na h-áite cabhair a bhronnadh ortha. Do dhein an taoiseach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Luanaigh
- Inscne
- Baineann