Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 3928)
- Suíomh:
- Mullach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Proinnsias Ó Sandair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 031
- XML “Faisnéis na hAimsire - Faisnéis na hAimsire ón Spéir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má théigheann an ghrían fé agus dath bán glas uirthi agus gáethe aisti sin cómhartha go mbeidh droch aimsear ag teacht. Ac ma théigheann sí fé go dearg sin cómhartha go mbeidh aimsear breágh againn.Nuair a chímíd an ré ag luighe ar a dróm, tuigimíd go mbeidh droc-aimsear ag teacht. Má bhíonn fáinne mór-thimceall na gealláighe bimíd ag brath ar bháistigh. Ach ar an dtáobh eile má thaithnúigeann sí go geal agus go h-áluinn sin cómhartha go mbeidh lá breágh againn an lá in a dhíaidh sin.Nuair a cítear na réalta ag rínnce sa spéir óidhce spéir gealláighe sin cómhartha go ndéinfidh sé sioc. Ós rud na feicimíd íad ag rínnce deirtear go mbeidh droc-áimsear againn sar i bhfad.Nuair a bhíonn na sgamaill in ngoirreact dúinn i Sámhradh agus nuair a fhéacann síad dubh sin cómartha báistíghe. Má fheicimíd na sgamaill ag rith roimh an ghaoith tuigimíd go mbeidh storm againn. Ac ar an dtáobh eile má fheicimíd na sgamaill fada úainn agus dath bán ortha sin rían maith go leanfaidh an aimsear breágh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Mac Flanncaidhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Logáin, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Flanncaidhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Logáin, Co. an Chláir