Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 3928)
- Suíomh:
- Mullach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Proinnsias Ó Sandair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 032
- XML “Faisnéis na hAimsire - Faisnéis na hAimsire ón Spéir”
- XML “Faisnéis ón nGaoth”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Má fheictear an bóga leac ar maidin sin cómhartha báistíghe. Ac ar an dtáobh eile ma fheictear an bóga leac ist oidhche ar an dtáobh thoir sin rían maith go mbíonn an droc aimsear ag imtheacht úainn.
- An ghaoth a dtúaidh bíonn sí crúaidh is cuireann sí grúaim ar dhaóineAn gháoth andheas bíonn sí teas is cuireann sí éisc i líontaibhAn ghaoth aníar bíonn sí fial is cuireann sí rath ar síoltaibhAn ghaoth anoir bíonn sí tirm is cuireann sí brath ar caoiribh
'Sí an ghaóth aníar andheas an ghaoth is minicí a geibhimíd agus 'sí an ghaoth a bheireann báisteach léi. Nuair a shéideann an ghaoth adtúaidh bímíd siúrálta aimsear crúaidh no bféidir sneacta d'fháil. Nuair a shéideann an ghaoth adtúaidh i Sámhradh géibhimíd aimsear breág tirm.
Nuair a shéideann an ghaoth anoir i nGéimhreadh geibimíd sioc agus bfheidir sneachta. Nuair a shéideann an ghaoth anoir i Samhradh sin cómharta aimsire tirm. Má shéideann an gáoth aníar agus máíompúigeann sí go tapaidh ó thúaidh deirtear go mbeidh storm againn sar i bhfad. Seanabhairt is eadh e seo "Ni théigheann an storm thar Dómhnac na an rábharta thar Ceadáoin."