Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 3928)
- Suíomh:
- Mullach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Proinnsias Ó Sandair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 034
- XML “Faisnéis ón Éanlaith agus Ainmhithe”
- XML “Faisnéis ón Nádúr”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air sin cómhartha go mbeidh lá breágh againn.
- Nuair a chímíd sléibhte Beanna Beóla no sléibhte Cíarraidhe ana cómhgarac dúinn, bímid ag brath ar bháisteach.Aon úair a bhíonn caipín no "doud" ar Shlíabh Calláin sin cómhartha maith go mbeidh baisteach againn.Áon úair a bhíonn an fhairrge go feargach agus í ag féacaint go dubh agus salach sin rían go mbíonn aimsear briste ag teacht.Nuair a cloistear fúm na go soiléar ar an dtáobh thíar sin rían báistíghe. Ac nuair a cloistear i go soiléar ar an dtaobh túaidh sin cómhartha aimsire breágh.Nuair a cítear na mílte cuileóga ar na fuinneogaibh agus nuair a thosnúigheann síad ag piocadh thú sin cómhartha go mbíonn aimsear fliuch ag teacht.Ma fheicimíd na mílte siongáin ag siubhal ar na páirceannaibh agus ar na bóthairibh bimíd ag brat ar dhroch-aimsear.Aon úair a thosnúigheann na cíaróga ag siubhal mór-thímceall an tíghe bimíd siúrálta droc aimsear d'fháil.Nuair a thosnuigeann na creagair ag glaodhach ar chúl an tineaín bimíd ag brath ar dhroch-áimsear.Nuair a théigheann an deatac súas go díreach as an t-simne sin cómhartha báistíghe.Nuair a bhogann an t-sughaidh sa t-simné agus nuair a tuiteann sé anúas sin cómhartha go mbíonn aimsear bog ag teact
Máirtín Mach Flanncaidhe, Cathair Liagán