Scoil: Gortloney (uimhir rolla 11978)
- Suíomh:
- Gortloney, Co. na Mí
- Múinteoir: Eoghan de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortloney
- XML Leathanach 163
- XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbaile an t-Saoir, bain sé truslóg as féin agus é ag dul thar falla árd agus do briseadh a mhuineál.Rud eile mar críoch. Tá a lán crosanna, agus iad an-ársa ar fad le fághail annseo is annsúd san gceanntar, thart tímcheall ar Fobhar, ach níl aon rud cinnte "san mbeal-oideas 'na dtaoibh.
Deirtear go raibh ceithre cinn deug díobh ann ar dtús agus gurbh é Naomh Feichín fein a chur suas iad i gcóir turas na Croise. Deirtear freisin gur cuireadh suas iad chun teorannta talmhan na mainistreach do marcháil. Tá ceann díobh 'na seasamh i gceart-lár bhaile Fobhair anois, agus ceann eile ar thaobh an bhothair timceall ceathramhadh míle ó'n sráidbhaile, agus cúpla ceann eile i n-áiteacha eile, san tímceallacht. Go dtí le déanaigh bhíodh sé de nós ag lucht tóirimh stad a dhéanamh ós chomhair na gcrois seo an fhaid is a bhídís ag radh an De Profundis i gcoir anma an duine máirbh. Ach mar an gceadna le n-a lán sean-nósanna eile, leigeadh do'n sean-nós seo dul ar cheal, le cúpla bliadhain anuas.