School: Gortloney (roll number 11978)
- Location:
- Gortloney, Co. Meath
- Teacher: Eoghan de Buitléir
![The Schools’ Collection, Volume 0716, Page 163](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0716%2FCBES_0716_163.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0716, Page 163
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gortloney
- XML Page 163
- XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mbaile an t-Saoir, bain sé truslóg as féin agus é ag dul thar falla árd agus do briseadh a mhuineál.Rud eile mar críoch. Tá a lán crosanna, agus iad an-ársa ar fad le fághail annseo is annsúd san gceanntar, thart tímcheall ar Fobhar, ach níl aon rud cinnte "san mbeal-oideas 'na dtaoibh.
Deirtear go raibh ceithre cinn deug díobh ann ar dtús agus gurbh é Naomh Feichín fein a chur suas iad i gcóir turas na Croise. Deirtear freisin gur cuireadh suas iad chun teorannta talmhan na mainistreach do marcháil. Tá ceann díobh 'na seasamh i gceart-lár bhaile Fobhair anois, agus ceann eile ar thaobh an bhothair timceall ceathramhadh míle ó'n sráidbhaile, agus cúpla ceann eile i n-áiteacha eile, san tímceallacht. Go dtí le déanaigh bhíodh sé de nós ag lucht tóirimh stad a dhéanamh ós chomhair na gcrois seo an fhaid is a bhídís ag radh an De Profundis i gcoir anma an duine máirbh. Ach mar an gceadna le n-a lán sean-nósanna eile, leigeadh do'n sean-nós seo dul ar cheal, le cúpla bliadhain anuas.