School: Caroreigh (roll number 6700)
- Location:
- An Cheathrú Riabhach, Co. Loch Garman
- Teacher: Séamas Ó Cellaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caroreigh
- XML Page 001
- XML “Cros Tigh Munna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá seana-chros i dTeach Munna agus tá sé suidhte san talamh a ghabhann leis an séipéal Protastúnach atá díreach ar aghaidh an seana-chaisleán. Deirtear gur pléascadh géag amháin de in aimsir Cromuil. Cé go bhfuil sé suidhte i dtalamh Protastúnach tá sé beannuighthe agus cuirtear Caitilitigh ann fós. Ag bun na croise tá cuid de'n chloich ídighthe i dtreo 's go bhfuil poll ann agus bíonn uisce ann i gcomhnuidhe nach mór. Creideann cuid de's na daoine go bhfuil comhacht leigheasa 'san uisce sin agus nuair a bhíonn na daoine sin i láthair ag socraid ann, deineann siad comhartha na croise leis an uisce sin. Taisbeánann san go gcreideann na daoine i gcómhacht an bheannuighthe a cuireadh ar an sean-chros Ceilteach sin atá CHOMH MAITH indiu is a bhí ariamh.
(bailighthe ag Cáit Ní Murchadha ó Mhicheál O Murchadha, buachaill aimsire an t-sagairt)- Collector
- Cáit Ní Murchadha
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál O Murchadha
- Gender
- Male
- Occupation
- Oibrí tí