Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 267](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_267.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 267
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 267
- XML “Bréagáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó do deineadh bréagáin agus deintear fós iad. Déanann na buachaillí crainn tabhaill, bogha agus saighead, painntéir, gunnaí as luibheanna áirithe ar a dtugtar "scout-guns", agus topaíSé nídh é an crann tabhaill ná píosa leathair agus córda ins an dhá thaobh de. Cuirtear cloch ar an leathar agus castar an córda timcheall ar an chéad mhéar. Annsin castar anonn is anall é agus leigtear do phíosa amháin den córda tuitim as an láimh. Annsin téigheann an cloch achar fada ón leathar. Sé an chaoi a deintear na bogha agus na saighead ná baintear slat. Deintear é a iompódh síos. Annsin greamuightear córda do gach taobh den slait. Gheibhtear slat bheag eile agus cuirtear ar an gcórda é. Tarraingtear an córda agus imthigheann an slat. Sé an chaoi a deintear an painntéir ná. Gheibhtear giota de shreang tanaidhe agus socruightear é le lúb. Cuirtear taobh amuigh de pholl an choinín é is é greamuighthe sa talamh. Nuair a thagann an coinín amach in gan fhios dó cuireann sé a cheann isteach sa pholl agus bíonn an córda ag éirghe níos daingne agus annsin márbhuightear an tainmhidhe bocht ar an noiméat.
Topaí. Gheibhtear spól agus déantar é a ghearradh in a dhá leith. Cuirtear píosa de chipín isteach i leath amháin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Siordan
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin