Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 323](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_323.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 323
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 323
- XML “An Bia Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí na daoine ana láidir ar fad - i bhfad níos láidre ná muinntir a' lae indiu cé go bhfuil biadh níos fearr ag na daoine atá fásta suas ná mar bhí ag na daoine fadó.Blianta ó shoin ní bhíodh ach dhá bhéile ag na daoine - an bricfeast ar maidin timcheall a hocht a chlog agus an suipéar timcheall a seacht a chlog um tráthnóna. Bhídís ag obair ar maidin sul a mbíodh an béile sin aca agus bé rud é an bricfeast ná pláta leitean agus bainne milis. Annsin théighidís amach agus bhídís ag obair go cruaidh go mbíodh sé dubh dorca. Annsin taréis teacht isteach dóibh san oidhche bhíodh arán déanta as min coirce aca agus nogíní de bhaine - ní raibh cupáin ná muganna aca an tráth sin cor ar bith. Annsin tosuigheadh ar an tae. Cuireadh ionghnadh ar na daoine nuair a chonnaiceadar cad é an saghas ruda é. Ar dtúis chuiridís tae i mias cluaisín (porringer) agus chuiridís uisge air. Annsin d'fhagadh siad le hais na teine é go dtí go mbíodh ar dhearg fhiuchadh. Annsin séard a dhéanfadh siad ná - Chaitheadh siad amach an tuisge agus d'iosadh siad na duilleoga. Bhíodar ag éirghe tuirseach den sórt tae sin agus cheapadar slighe eile. Cuireadh siad na duilleoga ins an oigheann agus dheinidís iad a fhrioctáil agus d'iosadh siad iad. Um Nodlaig gheibheadh gach duine únsa tae agus théighidí go léir go teach amháin agus cuireadh muinntir a' tighe sin pota mór doimhin ar an tine is é lán d'uisge(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Siordan
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 5491