School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Teacher: (ní thugtar ainm)
![The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 293](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_293.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 293
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl ach cúpla tobar beannuighthe in mo pharóiste. Níl siad ins an pharóiste ach tá siad gar dó. Tá ceann amháin i mbaile Corratobar in aice le sráidbhaile Damhsraith - Ceann eile in aice le Béal Cú agus tugtar " An Holly Well " air sin. Tá ceann eile dhá mhíle ó Béál an Átha Mhóir i mbaile "Oughteraugh". Téigheann na daoine go dtí an tobar in Damhsrath ar an gcúigeadh lá déág de mhí Lughnasa. Téigheann daoine eile go dtí Béal Cú ar an Satharn deireannach de mhí Iúil agus téighid go dtí Ougheraugh ar an gcéad lá de mhí Feabhra - Lá' le Brigde.Ní théigheann daoine go dtí Corratobar - sine é an tainm atá ar an tobar gar do Damhshrath - anois cor ar bith mar seascadh bliadhain ó shoin bhí teach dighe in aice leis an tobar agus bhíodh daoine ag ól ann agus annsin nuair a bhíodh siad ar meisce thosuigheadh siad a' troid is ag argóint le chéile. Annsin d'órduigh na sagairt is an t-Eabog é a dhúnadh ar fad. Níl an teach sin ann anois in aon chor.Téigheann daoine go dtí Béal an Átha Mhór fós ar an gcéád lá de Feabhra ach is annamh a théigheann daoine go dtí " An Holly Well ". Théigheadh siad thart ar an dtobar trí huaire agus bhíodh An Coróin Mhuire a rádh aca i mbaile Corratobar. Ach ag an tobar i mbéal Cú is fé droichead a shuibhailidís - tríd an uisge. Annsin ag Béal an Átha Mhóir tógaid lán cupáin den uisge agus(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. an Chabháin