Scoil: Lisnagirl (2)
- Suíomh:
- Lismagiril, Co. an Chabháin
- Múinteoir: Caitlín Ní Thaicnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lisnagirl (2)
- XML Leathanach 302
- XML “Próca Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall céad bliadhain ó shoin bhí beirt fhear ina gcomhnuidhe thuas inDúr. Tomas Ó Muineacháin an t-ainm a bhí ar cheann amháin acha agus níl fhíos agam an t-ainm abhí ar an fhear éile. Pé sgéal é bhí taidhbhreamh aca agus sámhluigheadh dóibh go rabh procha óir ibhfolach iLios i bpáirch Padaraig Mhic Uillic agus go bhfuigheadh siad é acht é do romhar in am marbh na h-oidhche.Chuaidh Tómás an oidhche ina dhiaidh sin acht nuair abhí sé ag romhar thaínig cú dhubh ar shreang ó Loch Ahnaharnaty chun an óir do shabháilt. Chuaidh Tomás abhaile go gásta. An chéad oidhche eile tháinig sé féin agus fear éile acht nuair a bhúail siad igcoinnibh na lice abhí os cionn an óir tháinig an cú dhubh arís agus bhí eágla órtha an uair sin freisin. Chuaidh siad abhaile go brónach. Tháinig siadh arais an lá ina(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nioclás Mag Gabhann
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Greaghduff, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Sioradáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eanach Fharnochta, Co. an Chabháin