Scoil: An Clochar, Cill Ruis
- Suíomh:
- Cill Rois, Co. an Chláir
- Múinteoir: An tSr. Pól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cill Ruis
- XML Leathanach 508
- XML “Máirt na hInide”
- XML “Máirt na hInide”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tráthnóna Máirt na h-Inide bailigeadh buachaillí an bhaile le céile agus aon fhear nó bean ionphósta a casadh ortha sa tsráid, chaithidís téad 'na dtimcheall agus tharrainghidís ar fuaid na sráide leo iad. Deirtí go mbídís 'ghá mbreith leo chun na Sceilge ach is ag magadh a bhídís.
Cáit Ní Laoigleis
Sráid Uí Sehanacháin,
Cill Ruisa fuair an scéal so ó n-a h-athair.- Bailitheoir
- Cáit Ní Laoighleis
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Rois, Co. an Chláir
- Bíonn a lán pósadh san gceanntar so an lá sin. Deineann gach duine pancóga agus cuireann siad fáinne, cipín, raol, cnaipe, bonn, píosa éadaigh isteach ionnta,
An duine a gheibheann an fáinne deirtear gurb'é is luatha pósfar, an duine a gheibheann an cipín beidh sé 'na bhacach, an duine a gheibheann an cnaipe beidh sé 'na thailliúir. Is minic a éaluigheann fear le cailín an oidhche sin.
Peig Ní Dhomhnaill,
Sráid Uí Mhórdha,
Cill Ruisfuair an t-eolas so thuas sa baile.