Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
- Suíomh:
- An Chathair, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Liam P. Ó Conchubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is mó buachaill óg deas atá gan pósadh
Ná fuil aige trí chulaith dh'eudach
Hata dubh nó dó nó búcla bhuidhe in a a bhróig
Ná sgilling geal le n'ól mar phléisiúr.
Tiocfaidh an t-am fós a n-oirfidh sé rúid dhóibh
Culaith deas crón de'n bhréidín
Siúd is cíos na h-eornan is é á caitheamh 'ge tigh an órdha(óil!)
D'fag mo chailín óg ag gear-ghol.Tráthnóinín ar a tráth is mé liom féin,
Is mé ag tnúth le n-a póigín shiúcra
'Sé dubhairt sí, sead is na bris mo chlú-sa,
Mar atá an saoghal go léir ina ndúireacht
Dar a chúig is dar a sé is dar an láimh tá ar mo thaobh
Ná rabhár-sa léi acht ag rúgradh
Gur tháinig fáinne an lae níor chodail mo shúile néal,
Ach ar síor-chur bréithre in iúil di.Is iad na mná óga do mhairbhigh is do bhreóigh (?)
Is tarraingt ar ól na dighe mé.
Phiocadar mo phócaidhe le briathra is le móide
Is d'fhágadar mo chabhail gan bhríste,
Mo mhallach-sa go deo d'aon fhear eile se m' shórt
Dhíolfadh cun óil an chao(i)r(a)
Is a liacht bhean-órda thug mé riamh coróinn dí
Is ná thabharfadh sí dhom lóisdín oidhce.- Bailitheoir
- M Ó Dubhshláinghe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Ruaidhrí Ó Corbáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Bhéacáin, Co. Thiobraid Árann