School: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)

Location:
Caher, Co. Tipperary
Teacher:
Liam P. Ó Conchubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0569, Page 197

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0569, Page 197

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
  2. XML Page 197
  3. XML “Níl agam sa Saol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Is mó buachaill óg deas atá gan pósadh
    Ná fuil aige trí chulaith dh'eudach
    Hata dubh nó dó nó búcla bhuidhe in a a bhróig
    Ná sgilling geal le n'ól mar phléisiúr.
    Tiocfaidh an t-am fós a n-oirfidh sé rúid dhóibh
    Culaith deas crón de'n bhréidín
    Siúd is cíos na h-eornan is é á caitheamh 'ge tigh an órdha(óil!)
    D'fag mo chailín óg ag gear-ghol.
    Tráthnóinín ar a tráth is mé liom féin,
    Is mé ag tnúth le n-a póigín shiúcra
    'Sé dubhairt sí, sead is na bris mo chlú-sa,
    Mar atá an saoghal go léir ina ndúireacht
    Dar a chúig is dar a sé is dar an láimh tá ar mo thaobh
    Ná rabhár-sa léi acht ag rúgradh
    Gur tháinig fáinne an lae níor chodail mo shúile néal,
    Ach ar síor-chur bréithre in iúil di.
    Is iad na mná óga do mhairbhigh is do bhreóigh (?)
    Is tarraingt ar ól na dighe mé.
    Phiocadar mo phócaidhe le briathra is le móide
    Is d'fhágadar mo chabhail gan bhríste,
    Mo mhallach-sa go deo d'aon fhear eile se m' shórt
    Dhíolfadh cun óil an chao(i)r(a)
    Is a liacht bhean-órda thug mé riamh coróinn dí
    Is ná thabharfadh sí dhom lóisdín oidhce.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    M Ó Dubhshláinghe
    Gender
    Male
    Informant
    Ruaidhrí Ó Corbáin
    Gender
    Male
    Address
    Ballybacon, Co. Tipperary