Scoil: Clohanes, Dún Beag
- Suíomh:
- Na Clocháin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Mícheál de Bláca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clohanes, Dún Beag
- XML Leathanach 177
- XML “Cill Stifín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí oileán ar an dtaobh thiar do Leacht Ui Conchubhair ar a dtugadh Cill-Stifín. Draoi do b'eadh é agus nuair a théigheadh sé go dtí an mór-thír ag creacadh na h-áite cuireadh sé an t-oileán fé uisge le neart draoidheachta go dtiocfadh sé thar n-ais arís.Bhí triur mac ag Traolach Mac Stairn: Cruachan, Sal agus Dailthean agus aon ingean amháin: An tAon Bhean. Deineadh tairingeareacht mar gheall uirrthe nuair a phósfadh sí do thuitfead mí-ádh mór éigin ar an dtriúr mac. Ar an adhbhar sin do tógadh dun dí in aice le Ceann Léime agus trí dúna: Cruachan, Lios Sail agus Dún Dailthean treasna an Leath-Inis mar a bhfuil Cill Bheathach anois 'nus go raibh an uisge á cosaint ar dhá thaoibh agus na trí dúna ar an dtaoibh eile, ar eagla go dtiocfadh aoinne ag suirghe lei.Lá dár tháinig Stifín ar slóic, chuaidh sé siar i dtreo Ceann Léime, lean an triur mac é agus marbhuigheadar é. D'fan Cill-Stifín fé'n bhfairrge ó shoin. Cidhtear é gach seachmhadh bliadain agus an té a cidheann(leanann ar an chéad leathanach eile)