Scoil: Clohanes, Dún Beag
- Suíomh:
- Na Clocháin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Mícheál de Bláca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ó sean lámh-scríbhinn)
Lá dar eirig Fionn Mac Cumhaill agus Fianna Éireann amac ag fiadhach agus ag fine- cosgairt dóibh fein is é an áit go tugadar a n-aghaidh na ar an dá Chích agus níor stadadar go ndeaghadar go mullach ceann dosna Chícheanna.Do stadadar uile go léir annsan agus d'fheacadar na dtimcheall ar na cnocaibh agus ar na sléibhtibh agus ar na coilltibh sa ceanntar mór-thimcheall ortha.Le na linn sin tháínig ana-codladh ar Fhionn agus dubhairt sé leis an gcuid eile de'n Fhéin
"Imthighidh-se 'raibh anois ag fiadhach díbh féín agus sínfead-sa thorm annso go fóíl mar tá ana-dhúil in greas codlata agam; ní leogfaidh Bran d'aoinne teacht i ngan fhios orm agus nuair a dhúiseóchad-sa leanfaidh mé sibh."D'imthig an Fiann uile annsan go ndeaghadar ó thuaidh go dtí Sliabh Luachra.Tar éis imtheacht dóibh do shín Fionn thairis agus do thuit a chodladh air agus san am céadna do shín Bran í féín le n-ais ag tabhairt aire dhó.(leanann ar an chéad leathanach eile)