Scoil: Clohanes, Dún Beag
- Suíomh:
- Na Clocháin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Mícheál de Bláca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clohanes, Dún Beag
- XML Leathanach 224
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhíodh sean-scoileanna annso agus annsúd ar fuaid an ceanntar seo.Bhíodh na muinteóirí ag cur fútha i dtighthe na bhfeirmeóirí nó i dtighthe na páistí.Siad na h-adhbhair a múintí ná Áirmeamh, Scríobhadh agus Léigheamh Béarla.Ní bhíodh aon leabhair aca, acht bhíodh slinnte aca le h-aghaidh scríobhadh.Ní bhíodh aon bínnsí aca acht shuididís ar cláracha adhmhaid a bhíodh timcheall na fallaí.
* * *
Bhí sean scoil i gCluain Uí Garnán, Críoch, Co. an Chláir. Bhí an scoil ar siubhal i sean bothán mar a bhfuil Pádruigh Mac Aodhgán in-a chómhnuidhe anois. Fear darbh ainm John Keenan a bhí agu múineadh ann. Stróinséar do b'eadh é. Bhíodh sé i gcómhnuidhe i dtighthe na daltaí. Dhíoladh gach páiste sgilling gach mí dó.Siad na h-adhbhair a múintí ann ná - béarla, áireamh agus scríobhadh. Ní riabh aon mheas acu ar an nGaedhilg. Dheinidís áireamh ar slinnte agus scríobhaidís ar slinnte leis. Ní bhíodh an scoil ar siubhal ach ins an nGeimhridh.(leanann ar an chéad leathanach eile)