Scoil: Clohanes, Dún Beag
- Suíomh:
- Na Clocháin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Mícheál de Bláca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clohanes, Dún Beag
- XML Leathanach 252
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A) LÁ LE STÍOPAÍNSan ceanntar seo téigheann scata buacaillí óga timcheall ó thig go tig agus bíonn tor cuilleann achu. Bíonn dreóilín marbh agus ribíní ioldathaca air. Gabhann siad amhrán nó deanann siad babhta rinnce i ngach tig. Bíonn ribíní á gcaitheamh achu agus bíonn aighthe fidil ar a n-aighthe. Uaireannta caitheann siad sean-balcaisí. Bíonn scata buacaillí ag fiadhach an dreoilín an Domhnach roimh ré. Deirtear siad "rann an dreóilín" ins gac tig, mar seo:-"The wren, the wren, the king of all birds,
St. Stephen's day he was caught in the furze,
Up with the kettle, and down with the pan,
Give us our answer and let us be gone."Geibhtear cúpla pinginn i ngach tig agus i ndeire an lae roinntear an airgead go cothrom. Uaireannta téigheann buachaillí fásta timcheall agus bíonn rinnche mór achu an oidhche sin leis an airgead.
B) LÁ 'LE PÁDRUIGHCaithtear seomróg an lá sin agus cuirtear geagán seomróige go dtí cairde atá thar lear(leanann ar an chéad leathanach eile)