Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)

Suíomh:
Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
  2. XML Leathanach 046
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí triúr Tuatha De Danann na gcómhnaidhe i gCill Bheatach fadó...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    46
    Díreach agus íad ag deanamh isteach air mhúch an choineal mar bhí deire leis agus chonnacadar an phiast ag deanamh ortha. Ó Dia linn ars an bhfear, tá deire linn. Níl ars an cailín, má bhfuil de mhisneach agatsa agus chuir sí an fear ar deire an charraig agus thug sí fáinne dó, ag rádh leis an Fáinne do chaitheamh isteach i mbeul na péiste nuair thiocfadh se suas leó. nuair tháinig se bhí a bhuel oscailte chomh mór sin aige gur cheapadar go raibh sé chun íad féin agus an churrach do shlogadh acht chaith an fear an Fháinne siar na beul agus phléasc sé.
    Anson, chuadar siar an bóthar go Breannán agus mharbhuigheadar fo sásta ann. Acht nuair a tháinig na fathaigh abhaile agus an cailín óg imthighthe, cé gur bhuaidh siad ar na namhaid. Bhí an oiread sin de bhrón agus cathughadh orthu, gur rugadar ar lámhaibh a chéile agus siar leó go Aill na gCreach agus chaitheadar íad féin insteach na bhFairrge.
    I gCill Beathach, ta cathar Sál ar an dtaobh thuaidh agus Dún Daláin ar an dtaobh teas agus siar uatha ta an cróchán agus ta oileán na gCapall taobh le Dún Daláin.
    Bríghid Bn Uí Chatháin.
    Fuaras an sgeul seo ó Eamon Ó Gormán Rath Úna
    Carraig a 'Chabhaltaigh
    (timcheall 60 bliadhain daois anois)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brigid Bean Uí Chathain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Eamon Ó Gurnán
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Ráth Úna Thoir, Co. an Chláir