Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go raibh ana cuid piasthaí í n-Eirinn fadhó agus go raibh olla-Píast ann a bhiodh ag marbúgadh caorach seafaidhí agus fuí amhain daoine nuair a casthaí air iad. Diarr na daoine ar Naomh Pádhraigh é a chúir chun báis agus géill sé go ndeanfhadh sé rudh ortha. Rinne sé clais mór sa talamh agus dorduig sé do piasth dul isteach ann. Nuair a bhí sé istigh chuir an Naomh fé geasaibh é a fanamhaint ann go dtí an Luan.Cludhaigh na daoine le cré agus clocha é i dtreo na feadfadh sé teacht aníos aríst. Shíleadar gur é an Luan a bhí ag gceist ag an Naomh ná an Luan a bhí chúca acht níor bhé acht an Luan bhratha.As san amach bhíodh eagla orta, an talamh do corraighé aon Luan ar eagla go leimfeadh na piastaí aníos chuca.
Brighidh Ní Aongusa
Magh-fheartaFuair mé an sgeul ó m'athair.- Bailitheoir
- Brigid Bean Uí Chathain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Maigh Fhearta Thoir, Co. an Chláir