Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an Cuítin agus luichín ag rince adh ar a seilph. Sciob an cuíthin an téir-beall den luichín. "Trom mo riobhuilín a dubhairt an cúithín. "Ní tabhradh" a dúbhairt an cat, "mar a dtéigh tú go dtí an bhó. Is go dtabhraidh tú braon bainne chugham". " Tabhair dom braon bainne a dúbhairt an luichín leis a mbhuin go dtabharaidh mé braon don chat is go dtabhraidh an cat mo 'riobhuilín dom". Ní thabhradh adúbhairt an bhó mara dtabhraidh tú chugam sop, agus nuair a bhí an sop ithe , bhí deoch uaithi, sula a dtabhradh sí aon braon di.
Chuaidh an luichín is fuair sí criathar chuig deoch a thabhairt don 'bhúin, chuig go dtabhradh an bhó braon bainne dhi, chuig go dtabhradh sí braon dón chat is go dtabhradh an cat an 'riobhuilín di. Nuair a shádaigh sí an chriathar síos sa tobhar is nuair a thóg sí aníos é, ní raibh braon aici, mar leigh an criathar tríd é. Sadhaigh sí síos arís é, is nuair a thóg sí anios é, ní raibh braon aici.
Tháinig an spideog ar a gclaidhe agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Loinsigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loinsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir