Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)107
... beirt buachaill a bhí chum an fhir seo robáil agus mharbhuig sé iad. Bhí an buachaill ag imteacht agus glaoidh se thar n-ais air go ndeanadh sé cainnt leis. Ní raibh an buachaill sásta casadh air.
"Tar i leith chugam ," adúbhairt sé, agus tar isteach sa charráiste seo chugam.
"Ní feadfainn dul ad carráiste mar tá n-iomarcaidh marbh agam, adúbhairt a buachaill.
Mara bhfuil aoine marbh ach a meid seó 'gat, adúbhairt sé ,ní b'fhiú biorán é."
Ó tá agus cuid mór eile nach é.
Dúbhairt sé "tar isteach sa carráiste chugam agus tar liom go dtí an teach, is fear mise go bhfuil fear ón gcroich uair sa mbliadhain agam agus beidh tusa 'gam adúbhairt sé.
Chuaidh sé leis agus bhí sé air comh-bíadh, com-bórd leis féineach. Congbhuigh sé na theich é nó go raibh an seisiún gairid dó. Nuair a bhí an seisiún i ngiorracht ceithre lá dó, dúbhairt sé leis a mbuachaill teacht leis go gcuirfeadh sé sa priosún é, mar ar sé, caithfidh tú a dó no trí laethanta caitheamh ann roimh a seisiún". Nuair a tháinig lá na cúirte , thug na pileirí leó e go teich na cúirte.
Núair a tháinig sé isteach go teich na cúirte bhí dá breitheamh 'na suidhe ar a mbínnse thuas roimhe agus cúigear daor aca. Tugadh suas an buachaill seo ós a gcomhair. Bítheas daora. Bhí súil féachaint aige ar a ndoras i gcomhnuidhe féachaint a bhfeachaidh sé a breitheamh féin a teacht.
"Is truagh mar a chuaidh me 'na carráiste anaochar," adúbhairt sé leis féineach . Ba ghéarr go bhfeaca siad...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhathghamna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir