Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 110](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0633%2FCBES_0633_110.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 110
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá da laetheann taoibh dá raibh Fionn Mac Cumhail a siubhal i gCiarruighe siar-teas do chasadh cailleach draoidheactha air. Do beannuigheadar ar aon dá chéile."An imreochtha cluiche a Fhionn ar si" "Imróchar" arsa Fionn, "Nior chuir mé suas don spóirt riamh". Do shuideaduit sios agus luigheadar ar imirt agus do bhuaidh an cailleach an ceád cluiche. "Tabhair do breith a chailligh" arsa Fionn. "Ni beag dhuit a luaite" ar sí. " Cuirimse mar geasa droma droideachta ort" ar sí gan an tarna beile bidh dithe ar aon mbórd ná an tarna oidhche codlaidh in n-son leabaidh, ná an tarna deoc -oighe d'ól ar aon cupan nó go dtabharfaidh tú chugam-sa ceann den mhic a déirig ón domhain toir" "Tá go dian" arsa Fionn. D'imrigeadar cluiche eile agus do buaidh Fionn é. "Tabhair do bhreith a Fhinn" arsan cailleach draoiidheachta "Ni bheag duit a luaithe " arsa Fionn. "Cuirimse mar gheasa droma draoidheachta ort dul in áirde ar bheinn a teampuil sin thuas agus punann coirca cur ar an mbeinn eile de, is snáthad camraice chur idir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighidh Ní Aongusa
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70