Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhuaidh mach a mhuilleora air. "Cionnas a bheidh sí ag baile anóis agam ar se. "Seo leat abhaile agus bheidh sí ag baile romhat" arsa Sidhe gaoithe. Nuair a tháinig sé, d'iompuigh sé an bró thimpchioll. Bhí sé a meilt plúir nó go raibh sé a gabhail amach a dorais. Tháinig sé isteac, go dtí n-a mháthair. "Tabhair dom an bodharán a Mháthair." ar sé "go dtabhraidh mé isteach bodharán plúir." Chuir sé fios ar buachaillíbh na comharran agus é a déanadh saidhbhris an domhan. Lá de's an laeteanntaibh, dubhairt sé, le na mháthair go mbaineadh sé tríall eile as sidhe gaoithe. "Na bac le Sihde gaoithe" arsa MHáthair, "tá tú go maith ach anois." Cuaidh sé a codladh. D'eirig sé ar maidin, d'iarr sé ar Dia é chur ar a leas, mar d'iarr níor bhach. Dimthig leis; nior bhfadha bhí sé imthighthe, nuair a casadh leis sidhe gaoithe. "Dé do mhile bheatha agus céad míle fáilte romhat, a Mhic a Muilleóra," ar sé an imreóchfá cluiche cártaidhe indhiu arsa mac a Mhuilleóra. "Dimreochainn," ars sé. "ach ní'l ao'rud agam h-imirt ach mo beannacht. Tá naoí gcinn de mucaibh rearmha rearmha agam-sa dimreochainn leat arsa mac a Mhuilleóra air." Suidcadhar síos agus níor bhfadha gur buaid Mac a Mhuilleóra air "Cionnus a beidh siad ag a baile, anois, agam?" adubhairt sé. Seo leat, abhaile agus beidh siad ag a baile rómat ar sé.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighidh Ní Aongusa
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir