Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 201
- XML “Ór i bhFolach”
- XML “Ór i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do chualaidh fear uair amháin go raibh ór le fágáil ar cnoc Dúnátha i bpáirc le Mac Guidhir lámh le h-abhainn Dunátha agus go raibh túrcai i bhfeighil an óir. Do chuardaig sé an áit gach lá acht ní fuair sé aon rud. Sa deireadh fuair sé an t-ór acht ní raibh carn maith de ann agus ní raibh sé sásta leis. Bhí se ar buile annsan agus do chuir sé eascaine ar an ór leis an méid aimsire a bhí caithe aige á lorg. Do cuaid sé isteach annsan go dtí a bhean céile chun innsint dí i dtaobh an óir nuair a tháinig se cómhfada leis an mála óir ni raibh ann acht mála críada.
- Bailitheoir
- Seumas Ó Scannláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Eilís Bean Uí Scannláin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Tá ór i bhfolach i bpáirc atá ag Pádraig Ó Muireadhaigh, Cill-Chrónáin, Carraig a' Chabhaltaigh, Co. an Chláir. Tá sé i bhfolach i n-aice leis an gclaidhe agus tá sgeach-gheal ag fás mór thímcheall air agus tá crúdh chapaill fágtha ar an gclaidhe mar mharc air. Cun an óir seo d'fhághail bheadh ar trúir ar a laigheadh dul ag romhar agus bheadh ar dhuine aca a anam d'imirt i dtreo go mbeadh an t-ór ag an mbeirt eile. Acht níl aoinne sásta a anam d'imirt(leanann ar an chéad leathanach eile)