Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 248
- XML “Nósanna na Nollag”
- XML “Nósanna na Nollag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(3) BEANNUIGHTHE DORUIS:-Oidhche Nodlag chuirtí píosa feír leath 'smuigh den doras. Ná fir a bhíodh ag teacht isteach ghlanaidís a mbróga air. Théigheadh bean a'tíghe amach agus bhailigheadh sí aon salachar no criafóg a bhíodh sa bhféár. Cuireadh i dtaisge í agus cheaptaí go mbiodh leigheas do aon chaéadh (?) ar bith irith na bliana acht an chriafóg sin do chimilt leis.(Donncadh Ó Coileáin ó Mháirtín Treagháin)
(4) Lastar COINNLE MÓRA ar na fuinneóga ar thrí h-oidhche - Oidhche Nodlag, Oidhche Choille agus Oidhche na Nodlag Bige. 3 cinn de choinnle is coitchianta. Fear a lasann íad agus mar a mbíonn fear sa tigh ní mór fear eile do thabhairt isteach chun íad a lasadh. Caithtear uisge coisreachta ortha freisin (go minic) Ní cheart iad d'usáid chun sholuis a thabhairt ar fuaid an tighe - ní mór cóir soluis eile a bheith ann. Doíghtear ar fad iad - ní cheart aon pháirt díobh d'úsáid chun aon ghnó eile. Fágtar ar lasadh íad i rith na h-oidhche ar fad (go minic)
(5) Bíonn MÁINSEAR in gach Teampall Catoiliceach(6) Ar lá Fhéile Stiabhna, téigheann buachaillí amac le tor deisighthe le ribíní. "An Dreoilín" a tugtar ortha. - LÁ COILLETeigheann fear a'tighe amach go moc agus mor thímcheall an tighe leath is mhuigh fá thrí. Tagann sé isteach agus guidheann "Bhliain Nua Fe Mhaise"(leanann ar an chéad leathanach eile)