Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 214
- XML “Timpistí Eile - Oídhe Nollag na Gaoithe Móire 1839”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche lae na nodlag bige nuair a bhí na daoíne ag a ndinnéir do thosnuig an Stoirm Uathbhásach. Deirtear go raibh Néal í bhfuirm arthaíghe le feiscint sa spéir roimhe sin. Pé sgéal é do leag an stoirm a lán tíghthe in aice le Ceann Léime agus Cill Bheathaid. Núair do ritheadh Acht 1909 chun pinsin a thabhairt do shean-daoine a bhí 70 mblíana d'aois ba dheacair dóibh a n-aoíseanna d'fághail mar ní Cláruígheadh a mbaístí acht go h-annamh. Núair a tháinig scéim na bPinnsin í bfeidm bhíodh sé mar sgéal ag na sean-daoine ó Corca Baiscinn thíar. " O dho rughadh mé ar Oidhche Na Gaoíthe Móire." Do dhéanfadh sé sin 70 mblíadna d'aois íad í 1909. Leagadh Tigh leis an Sagart í nDruim Éilithe (Cill Michíl, Co an Chláir) Píosa bágúin a bhí ar crocad le na fraightheacha sa gcistin, fúarthas é sáidhthe ar bhior d'en geatha lá ar na bháireach.
Maíre ní Loideaín
b n-a máthair.
Dún Átha,
Cill-Chaoidhche, Co An Chlaír- Bailitheoir
- Máire Ní Loideáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Átha, Co. an Chláir