Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sept. 1918.
Tháinig rabharta an mhór agus stoirm (bhí an taoidhe lámh leis an Strand Line Wall, Kilkee. Dhá uair roimh am na lán mara. Briseadh agus bádhadh 11 ceann de bhotháin na snámhthóirí (Bathing Boxes) le Tom Branne leis an rabharta agus an stoirm í gCill Caoidhe. Tráthnóna an lae sin chúaidh turasóir ó Luimnigh, Padraig Mach Cormaich ag snámh ag an gcé agus bádhadh é. Ní raibh aon ciall aca dul ag snámh an tráthnóna sin bhí sé cómh stoirmeamhail san. Do badhfaí duine eile acht gur thug an Gárda -Cósta (Mr. Irwin) isteach é.
Bhí rabharta eile cómh h-árd leí í 1935.1913. Tóiteán Mór í Luimnig (Sráid Líaim)
Buachaill ó Cill Caoidhe- Seoirse Mac Flanncadha- a bhí in a phrintíseac i dtig a úncail, Eadachóiri Luimnigh- i rith na hOidhche chuaidh an tigh trí teine agus do loscadh agus do marbhuigeadh triúr sa tigh agus Seoirse 'na measc.
Maidin lae ar na bháireach fuarthas cnama beirte fáiscithe le céile. Sé is dóicighe é na gur chuaidh duine eile d'fuireann a' tsiopa i bfóirithín ar Seoirse agus gur múcadh an bheirt leis an ndeataigh.