Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Dún Átha, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ed J. Headtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 222

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 222
  3. XML “An Cholera 1847, 1848 in Iarthar an Chláir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair do cailleadh iad. Théighidís ionntha féin agus thagadh "dubh" éigin ar an gcroiceann.
    Cailín aimsire bréagh, dhathamhail, láidir i mBille (Bella, Carrigaholt) ag obair leath'smuigh de tigh nuair a bhi an Relieving Officer ag dul thar an tígh. Tráthnóna lae ar an bhaireach ba h-é an chéad iarratas fuair sé ná Cómhra Shaor do solathair don chailín sin.
    Bhí alán tighthe ar an mBóthar Cois Sionainne ó Dhúnátha go Cuibhreann le na linn sin. Bean ag dul abhaile oidhche tríd na bpairceanna agus leanbh na bhaclainn aici. Maidin lae ar na báireach fuairtheas corp na mná sa pháirc agus an leanbh ag rith ar fúaidh na páirce.
    Sagart a bhí "briste" ag an Easbog (toisc é bheith tugtha don ól) an tÁth Ó D... Maidin le linn don cholera chuaidh sé go Carraig a' Chabhaltaig agus bhuail ar an gcéad doras. Dóscladh sé acht nuair chonnaic bean a' tíghe cé bhí ann dún sí arís go tapaidhe. Chuaidh sé tríd an "Bóthar Cnidhe" (Sráid i gCarraig a' Cabhaltaig) agus bhuail sé ar doras eile arís. Bhí eagla ar bhean a' tighe é a leigint isteach toisc go raibh a cúigear mac in a lúighe leis an gColera. "Á" leig isteach go fóil mé " ar san Sagart. "Táim tuirseach". Leigeadh agus lá ar na báireach bhí an cuigear mac na sláinte arís acht leath'stig de bliain cailleadh fear - ceile na mná eile leis an nGorta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Duibhir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Chaoi, Co. an Chláir